- An minic a mhúchtar lampa na gcoirpeach? Nó a thagann an tubaiste sa mhullach orthu? An roinneann sé pianta ina racht feirge?
Tiomáinfear é ó sholas go dorchadas, Agus ruaigfear as an saol é.
“Déantar an coirpeach a shábháil i gcomhair lá an uafáis; Scuabtar ar shiúl é lá na feirge” -
Cén roinn a dheonaíonn Dia ó neamh? Cén oidhreacht a bhronnann an tUilechumhachtach ó na flaithis?
Nach tubaiste ar an gcoirpeach? Agus mí-adh ar lucht na hurchóide?
Is líonmhar iad dóláis na n‑éagráifeach, ach tá trocaire agus grá ag an té a mbíonn a dhóchas sa Tiarna.
[Lonraíonn] lóchrann an fhíréin, ach tagann múchadh ar lampa an urchóidigh.
Má chuireann duine mallacht ar athair nó ar mháthair, múchfar a lóchrann faoi dhorchadas dubh.
Óir níl aon ní i ndán don drochdhuine agus múchfar lóchrann an urchóidigh.
Ach dúirt na mná gan tuiscint leis na mná ciallmhara: ‘Tugaigí dúinn braon de bhur n‑olasa, mar tá ár lampaíne in éag.’
tiocfaidh máistir an tseirbhísigh sin sa lá nach mbíonn súil aige leis agus ar an uair nach eol dó, agus coscróidh sé é, agus tabharfaidh cion na míthairiseach dó.