Baileoidh sé leis ar nós brionglóide agus ní bheidh fáil air. Imeoidh sé leis dála aisling oíche.
Beidh scanradh air ó uafáis ina thimpeall, Agus iad á leanúint go dlúth ar a shála.
Tiomáinfear é ó sholas go dorchadas, Agus ruaigfear as an saol é.
Tiocfaidh uafáis sa mhullach air mar thuile, Agus fuadóidh stoirm é san oíche.
Cad chuige nach dtógann tú mo pheaca ar shiúl Agus mo choir a mhaitheamh dom? Óir is gearr go luífidh mé sa chré; Agus lorgóidh tú mé, ach ní bheidh mé ann chuige.
An tsúil a chonaic mé, ní fheicfidh sí mé níos mó. Casfaidh do shúil i mo threo, ach beidh mé ar iarraidh.
D'ísligh sé na spéartha agus thuirling sé, agus néal dubh dorcha faoina chosa.
Amhail taibhreamh a scaiptear le dúiseacht cuirfidh tú a samhailtí ar ceal, a Thiarna.
Seachtó bliain suim ár saolré; nó ceithre fichid má fhaighimid ár sláinte. Saothar agus stró a sealsan; imíonn siad ar luas agus bíonn deireadh linn.
Sciobann tú chun siúil iad amhail aisling, nó mar fhéar úrghlas na maidine.
Tar éis na stoirme, bíonn deireadh leis an urchóideach; ach bíonn bonn faoin bhfíréan go brách.