“Éist le briathar an Tiarna: ‘Féach, tiocfaidh na laethanta nuair a sciobfar chun siúil go dtí an Bhablóin gach rud atá i do phálás, gach rud a chruinnigh do shinsir go dtí an lá inniu. Ní fhágfar aon ní,’ arsa an Tiarna.
Ní fhéadfaidh a gcuid airgid ná óir iad a shábháil. Ar lá dhíbheirg an Tiarna ídeofar an domhan go léir le tine a chuid éada. Cuirfidh sé deireadh, is ea deireadh dithneasach, le háitritheoirí uile an domhain.
Óir cá fearrde duine go ngnóthódh sé an domhan go léir dá ligfeadh sé a anam féin ar ceal? Nó cad a d'fhéadfadh duine a thabhairt mar mhalairt ar a anam?
Marófar do dhamh os comhair do shúl agus ní íosfaidh tú greim de; scuabfar d'asal uait os comhair do shúl agus ní dhéanfar é aisíoc leat; tabharfar do chaoirigh do do naimhde agus ní thiocfaidh aon duine i gcabhair ort.
Óir in aon uair amháin scriosadh an saibhreas sin uile.” Agus gach captaen farraige, agus cách a sheolann ar muir, agus mairnéalaigh, agus an dream a shaothraíonn a mbeatha ar farraige, sheas siad i bhfad amach