Nuair a shroicheadar Urlár Buailte Átád lastall den Iordáin, chaoineadar caoineadh fada dobrónach ansiúd agus bhí sé féin ag caoineadh a athar ar feadh seacht lá.
Nuair a chuala mé an scéal seo, stróic mé mo chuid éadaigh agus m'fhallaing; stoith mé gruaig mo chinn agus m'fhéasóige, agus shuigh mé síos le barr anbhainne.
Nuair a chuala mé na focail sin, shuigh mé síos agus bhris mo ghol orm, agus chaoin mé lá i ndiaidh an lae agus mé ar troscadh agus ag guí i láthair Dhia neimhe.
Síos leat! Buail fút sa láib, a mhaighdean, a iníon na Bablóine! Anuas leat ó do chathaoir ríoga agus suigh ar an talamh, a iníon na gCaildéach! Óir ní thabharfar ort níos mó maoth ná muirneach.
Tá seanóirí iníon Shíón ina suí ar an talamh ina dtost, luaithreach caite ar a gceann acu agus iad gléasta in éadach róin; tá a gceann cromtha go talamh ag maighdeana Iarúsailéim.
Tháinig mé go Téil Áibíb chuig na deoraithe a bhí ag cur fúthu ar bhruach na habhann Ceabár. D'fhan mé ansin ina measc ar feadh seacht lá agus mé an-chorraithe.