Iób 2:11An Bíobla Naofa 1981Nuair a fuair cairde Iób tuairisc ar an mí-ádh seo go léir a thit air, d'fhág gach duine díobh an baile - Eilífeaz ó Théamán, Bildead ó Shiúach agus Zófar ó Namát - rinneadar coinne le chéile agus bheartaíodar dul agus comhbhrón a dhéanamh leis agus sólás a thabhairt do. Féach an chaibidil |
A dheartháireacha go léir agus a dheirfiúracha go léir, agus gach duine a raibh aithne acu air roimhe sin tháinig siad go léir á fhiosrú, agus shuigh siad chun boird leis ina theach. Bhí siad go báúil cneasta leis, ag tabhairt sóláis dó de bharr an oilc go léir a thug an Tiarna sa mhullach air. Thug gach duine díobh bonn airgid agus fáinne óir dó.