“Labhraíonn tú dála na mban baoth,” ar sé léi; “glacaimid an mhaith ó láimh Dé; nach nglacfaimid an t‑olc chomh maith?” San ainnise sin go léir níor pheacaigh Iób ó bhéal.
Dúirt sé leis an bhfear: “De bhrí gur thug tú cluas do ghuth do mhna, agus gur ith tú de thoradh an chrainn ar aithin mé duit gan a ithe: Go raibh mallacht ar an talamh de do chionn. Faoi dhoilíos a shaothróidh tú do chuid de, gach lá de do shaol.
Cá rachainn ag iompar m'aithise? Agus maidir leat féin, bheifeá i d'óinmid gan náire in Iosrael. Imigh leat, impím ort, agus labhair leis an rí; ní dhiúltóidh sé mé a thabhairt duit.”
Rinne sé do shearbhónta a chúlghearradh i láthair mo thiarna an rí. Ach is cuma nó aingeal Dé mo thiarna an rí. Déan dá bhrí sin mar is fearr a fheictear duit.
Ach tháinig aiféala ar Dháiví ina chroí istigh ar ball cionn is go ndearna sé daonáireamh ar an bpobal. “Tá peaca trom déanta agam,” ar sé leis an Tiarna. “Ach anois, a Thiarna, impím ort an cion seo a mhaitheamh do do sheirbhíseach. Ba an-amaideach an rud dom é.”
Ós rud é go mbíonn súile an Tiarna ar guardal ar fud chlár na cruinne lena chumhacht a chur i bhfeidhm ar mhaithe leo siúd a bhfuil a gcroí gan cháim ina leith, is baoth mar a rinne sibh sa ghnó seo; as seo amach beidh cogaí in bhur measc.”
Nach ndearna tú féin fál ina thimpeall agus i dtimpeall a thí agus i dtimpeall a bhfuil aige ar gach taobh? Bheannaigh tú saothar a lámh agus mhéadaigh a mhaoin sa tír.
Ar lá an tsonais déan gairdeas ach ar lá an donais déan machnamh air seo: tá Dia tar éis an lá sona a dhéanamh agus an lá dona freisin i dtreo nach mbeidh aon chúis ghearáin ag an duine ina aghaidh.
Ach d'iompaigh Íosa thairis agus dúirt le Peadar: “Siar i mo dhiaidh leat, a Shátain! is ceap tuisle dom thú, mar ní hiad smaointe Dé atá i d'aigne ach smaointe daoine.”
Is aoibhinn don fhear a sheasann an fód in aghaidh an chathaithe mar nuair a bheidh sé profa, gheobhaidh sé coróin na beatha a gheall an Tiarna dóibh siúd a thugann grá dó.