Aon duine in bhur measc a bhfuil eagla air roimh an Tiarna, éisteadh sé le glór a Ghiolla! An té a shiúlann sa dorchadas agus gan léas le feiceáil aige, cuireadh sé a mhuinín in ainm an Tiarna, baineadh sé taca as a Dhia.
Dá thairbhe sin is fada an ceart uainn agus ní thagann an fhíréantacht suas linn. Bímid ag dréim leis an solas, agus seo dorchadas, le gealán gréine, agus tá muid ag siúl faoi ghruaim.
Tugaigí glóir don Tiarna ár nDia sula mbéarfaidh sé dorchadas anuas, sula dtuisleoidh bhur gcosa ar na sléibhte dorcha. Tá súil agaibh le solas, ach fillfidh seisean i scáile é, déanfar de dorchacht tiubh.
Ar an ábhar seo is sleamhain an tslí atá ag síneadh rompu; sa dorchacht mar a ndíbreofar iad is ann a thitfidh siad. Óir tabharfaidh mise olc orthu i mbliain a bhféachana - an Tiarna a labhraíonn.
Labhair Íosa leo arís más ea: “Is mise,” ar sé, “solas an tsaoil. An té a leanfaidh mise, ní shiúlfaidh sé sa dorchacht, ach beidh aige solas na beatha.”
Nuair a ghlaoigh siad ar an Tiarna ansiúd, chuir sé scamall dorcha idir sibh agus na hÉigiptigh agus thug ar an muir teacht anuas sa mhullach orthu agus iad a bhá. Chonaic sibh a ndearna mé ar an Éigipt le bhur súile cinn féin, agus mhair sibh san fhásach ar feadh i bhfad.