Ná bíodh eagla ort, a Iacóib, a chnumhóigín, a fhrídín, a Iosrael. Táimse ag teacht i gcabhair ort - briathar an Tiarna - is é Neach Naofa Iosrael d'fhuascailteoir.
Is mar seo a deir an Tiarna, bhur bhfuascailteoir, Neach Naofa Iosrael: “Ar bhur sonsa tá mé ag cur chuig an Bhablóin; leagfaidh mé na Caildéigh agus iad ag teitheadh agus déanfar olagón dá ngártha caithréime.
Óir do Chruthaitheoir, is é is céile duit, agus Tiarna na Slua is ainm dó; Neach Naofa Iosrael, is é do shlánaitheoir é, ar a dtugtar Dia an domhain uile.
Ach is láidir a slánaitheoir: Tiarna na Slua is ainm dó. Is é atá ag tagairt a gcúise; tabharfaidh sé síoth agus síocháin don talamh, ach cuirfidh eagla a gcroí ar mhuintir na Bablóine.