Is fuath le mo chairde cléibh mé, Agus an mhuintir dá dtug mé grá, d'iompaigh siad i m'aghaidh.
D'imigh mo ghaolta agus mo chairde cumainn chun siúil uaim, Agus rinne m'aíonna i mo theach dearmad orm.
Tá drochmheas ag na leanaí féin orm; Nuair a thagaim i láthair labhraíonn siad i mo choinne.
A rá is go bhfuil sibh anois gan mhisneach, Go bhfeiceann sibh uafás agus go bhfuil scéin oraibh.
Tá mo chroí ag preabadh; d'imigh mo neart uaim, agus tá solas mo shúl tar éis teip orm.
Fiú amháin mo chara cléibh as a mbíodh mo mhuinín agus a d'itheadh mo chuid aráin, nár iompaigh sé i m'éadan!
“Tháinig galar gáifeach air,” a deir siad le chéile, “an té a chuaigh a luí ní éireoidh sé choíche.”
Éistfidh sé liom agus cloífidh iad; (tá sé ann ón tsíoraíocht), óir ní théann siad i bhfeabhas ar aon chor, ná ní eagal leo Dia. Selah
Luíonn do dhíbheirg go trom orm; tá mé báite faoi do thonnta go léir.
Dúirt Íosa leis: “A Iúdáis, an le póg a bhraitheann tú Mac an Duine?”