Tá drochmheas ag na leanaí féin orm; Nuair a thagaim i láthair labhraíonn siad i mo choinne.
Ghabh sé suas go Béitéil ón áit sin, agus fad a bhí sé ar an mbealach suas, tháinig buachaillí beaga amach as an gcathair agus bhíodar ag déanamh fonóid faoi á rá: “Suas leat, a phlaitínigh! Suas leat, a phlaitínigh!”
Is bréan le mo bhean an anáil asam, Agus is gráin le mo bhráithre cíche mé.
Is fuath le mo chairde cléibh mé, Agus an mhuintir dá dtug mé grá, d'iompaigh siad i m'aghaidh.
Ach is ceap magaidh mé anois Ag na sóisir, ag dream is óige ná mé féin, Nárbh fhiú liom a n‑aithreacha A chur i bhfeighil mo thréad le mo mhadraí.
Ar dheis, tá an ghramaisc ag éirí i mo choinne, Agus ag caitheamh asachán [liom], Agus ag céimniú go bagrach i m'aghaidh.
Tugann tú míchlú do bhráthar i do shuí duit, tromaíonn tú ar mhac do mháthar féin.
Tá na daoine ag déanamh leatroim ar a chéile agus sin idir comharsana; an gasúr ag caitheamh sotail leis an seanduine, agus an daoscar leis an uasal,