Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Iób 18:9

An Bíobla Naofa 1981

Béarfaidh gaiste ar sháil air Agus greamóidh sé sa dol.

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

agus rinne na Saibéanaigh ruathar orthu gur sciobadar leo iad, agus mharaíodar na seirbhísigh le faobhar claímh; agus níor tháinig fear inste scéil as ach mise amháin.”

Agus le linn dósan a bheith ag caint, tháinig duine eile agus dúirt: “Rinne na Caildéigh trí bhuíon díobh féin agus thugadar ruaig chreiche faoi na camaill gur sciobadar leo iad, agus chloíodar na seirbhísigh le faobhar a gclaímh, agus níor tháinig fear inste scéil as ach mise amháin.”

Beidh súil ribe i bhfolach ina chomhair sa talamh, Agus gaiste roimhe ar an gcosán.

Óir tugann a chosa féin isteach sa líon é, Agus siúlann sé i measc na sás.

Beidh cíocras air chun a fhómhair, Ach scuabfaidh Dia ar shiúl é le haicíd. Beidh siad ag tnúthán lena maoin, agus íota orthu.”

Tarrthaigh mé ó láimh an urchóidigh, a Thiarna; cosain mé ar fhear an fhoréigin; is mian leo barrthuisle a bhaint asam.

Tá na ciníocha slogtha síos sa chlais a rinneadar féin: sa líon a d'fholaigh siad féin a gabhadh a gcosa.

Tá gaiste [faoi chosa] an urchóidigh, ach ritheann an fíréan ar aghaidh go lúcháireach.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí