Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Iób 18:16

An Bíobla Naofa 1981

Seargfaidh a fhréamha laistíos, Agus feofaidh a chraobha lastuas.

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

Ní scarfaidh sé leis an dorchadas; Loscfaidh lasair a bhachlóga Agus scuabfaidh an ghaoth a pheaca ar shiúl.

Feofaidh a ghéaga roimh a n‑am; Ní bheidh a chraobha glas.

Agus mo fhréamha leata i dtreo na n‑uiscí, Agus an drúcht ag luí ar mo dhuilliúr san oíche.

Ach tá a fhréamha in achrann i gcarnán cloch, Agus tá [cónaí air] i measc na gcarraigeacha.

Ní bheidh cuid ar bith leo siúd agat san adhlacadh. Óir tá do thír féin scriosta agat, agus do mhuintir díothaithe. Ní bheidh iomrá go deo arís ar ál sin na n‑urchóideach.

Mar alpann na lasracha an coinleach agus mar a chailltear an cháith sa tine, is amhlaidh a bheidh a bhfréamh siúd ag dreo agus a shiabfar a bpéacán ar siúl ina dheannach, as siocair gur dhiúltaigh siad do reacht Thiarna na Slua agus gur chaith drochmheas ar bhriathar Neach Naofa Iosrael.

Tá Eafráim sleabhctha agus a bhfréamh seargtha; ní thabharfaidh siad toradh uathu go deo arís. Fiú má éiríonn leo clann a bhreith, maróidh mise toradh muirneach a mbroinne.

Ina dhiaidh sin is uile scrios mé na hAmóraigh rompu, fir a bhí chomh hard leis na céadrais agus chomh láidir leis na daracha; scrios mé a dtorthaí os cionn talún agus a bpréamhacha thíos fúithi.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí