Cá bhfuil mo dhóchas, más ea, Agus cé d'fhéadfadh aon [aoibhneas] a fheiceáil i mo chomhair?
Maraíodh sé mé más áil leis, níl de dhóchas agam Ach mo bhealaí a chosaint ina láthair.
Mar a chaitheann na huiscí na clocha, Mar a scuabann an tuile luaithreach na talún leis, - Sin mar a scriosann tú dóchas an duine.
Rinne sé mé a bhascadh ó gach taobh, agus ghéill mé. Stoith sé mo dhóchas mar phlanda as an talamh.
Nach bhfuil muinín agat as d'fhíréantacht Agus dóchas agat as do bheatha ionraic?
Ach cén neart atá ionam le feitheamh? Cad tá i ndán dom le go mbeinn foighneach?
Is luaithe mo laethanta ná fearsad fíodóra, Agus tá siad arna gcríochnú gan dóchas.
Bhí mé á rá: i mbláth mo mhaitheasa ní foláir dom imeacht liom go geataí Seól síos; is ann a choinneofar mé ar feadh a bhfanann agam de bhlianta.
Is é a deirim: “Tá mo bhuaine curtha ó chrích; tá deireadh leis an dóchas a mhúscail an Tiarna ionam.”
Dúirt sé liom ansin: “A mhic an duine, is iad na cnámha seo muintir Iosrael uile. Féach, deir siad: ‘Tá ár gcnámha seargtha agus ár ndóchas caillte; tá deireadh linn.’