Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Iób 16:21

An Bíobla Naofa 1981

Déanann sé cás duine a thagairt i láthair Dé Mar a dhéanfadh mac an duine ar son a chomharsan.

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Glaoigh ansin agus tabharfaidh mé freagra ort! Nó cead cainte domsa agus freagairse mé!

Ba mhian liom labhairt leis an Uilechumhachtach; B'áil liom áiteamh le Dia.

Sé mo ghlao chun Dé is abhcóide agam; Ritheann na deora ó mo shúile ina láthair.

Óir tá blianta mo shaoil arna n‑áireamh, Agus is gearr go ndéanfaidh mé imeacht gan teacht.

Uch gan [Dia] le héisteacht liom! Tá deireadh ráite agam, ó A go U; freagraíodh an tUilechumhachtach mé.

Cibé ní a tháinig ann, tá ainm tugtha dó cheana féin agus is eol céard é an duine agus nach féidir dó conspóid a dhéanamh leis an té atá níos láidre ná é féin.

An dual don phota dul a chonspóid leis an bpotaire, nó an próca le fear a dhealfa sa chré? An dual don chreafóg a rá le fear a múnlaithe: “Cad tá ar bun agat?” An bhfuil a shaothar chun a rá leis: “Níl lámha ar bith ort”?

Airiú, cé hé tusa, a dhuine, le bheith tagarthach le Dia? An ndéarfaidh an pota leis an bpotadóir: “Cad ab áil leat mé a dhéanamh mar seo?”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí