Briseann sé mé mant ar mhant, Agus tugann ruathar fúm mar a dhéanfadh laoch.
D'éirigh tú cruálach ag plé liom, Agus buaileann tú mé le neart do láimhe.
Eisean a bhascann mé [ar thráithnín,] Agus a ghonann mé, créacht ar chréacht, gan chúis.
Tá m'anam go buartha istigh ionam, is ort a bhím ag cuimhneamh ó thír na Iordáine, ó Hearmón, agus fós ó Shliabh Mizeár.
Réabann siadsan leo ar aghaidh mar laochra láidre; amhail fir chogaidh dreapann siad an balla; téann gach ceann díobh ar aghaidh ina líne féin agus ní chlaonann siad óna raon.
Ansin thug sé fúthu ó thalamh agus thug ár agus eirleach orthu; síos leis ansin chun na pluaise i gCarraig Éatám agus d'fhan ansiúd.