Cén t‑eolas atá agatsa nach bhfuil againne? Cén intlíocht atá agat nach bhfuil againne freisin?
Ach tá tuiscint agamsa chomh maith libh, Agus níl an tosach agaibh orm, Agus, ó luaigh mé é, cé dó nach eol sin?
An ní is eol daoibhse, is eol domsa freisin; Níl an tosach agaibh orm!
(Ach cé a bhí i láthair ag comhairle an Tiarna? Cé a chonaic í agus a chuala a bhriathar? Cé a d'éist lena bhriathar le go bhfógróidh sé é?)
Féachaigí ar a bhfuil os comhair bhur súl. Aon duine a áitíonn air féin gur le Críost é, smaoiníodh sé arís ar an méid seo: gur le Críost sinne chomh maith céanna leis.
Ní dóigh liom go bhfuilimse pioc chun deiridh ar na sáraspail sin.