Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Iób 15:31

An Bíobla Naofa 1981

Ná téadh sé i muinín a thoirt; Tá breall air, níl aon tathag ann.

Féach an chaibidil Cóip

16 Tagairtí Cros  

Tá neart ann agus teacht aniar; Is leis an dul amú agus an cur amú;

An raibh mé cois ar chois leis an mbreag? Nó ar sodar i ndiaidh na calaoise?

Nach baoth a mheas go bhfuil Dia bodhar, Agus nach dtugann an tUilechumhachtach aon ní faoi deara.

Dé réir mar a chonaic mise, an dream a threabhann an urchóid Agus a chuireann síol na trioblóide, baineann siad í mar fhómhar.

Níl san Ádhamhchlann ach puth anála, níl sna huaisle ach bréag; nuair a dhéantar a meá is éadroime iad uile ná an phuth anála féin.

An té a shíolann an éagóir, beidh fómhar na tubaiste aige; air féin a [thitfidh] bata a chuthaigh.

Óir níl aon ní i ndán don drochdhuine agus múchfar lóchrann an urchóidigh.

An té a bhfuil dúil aige sa luaithreach ar an dóigh sin, tá mearbhall ar a intinn agus é ar seachrán. Níl sé in ann é féin a shábháil agus a rá: “An rud seo i mo láimh agam, níl ann ach cur i gcéill!”

Éileamh ar cheart ní dhéantar sa chúirt, ná ní théitear chun dlí go hionraic. Cuirtear muinín sa díomhaointeas agus cantar bréaga; gabhtar an míghníomh sa bhroinn agus saolaítear buaireamh.

Ná meallaigí sibh féin á rá: Tá na Caildéigh ag imeacht uainn faoi dheireadh. Níl siad ag imeacht.

Gaoth a síol, gála a bhfómhar! Ní rachaidh an geamhar i ndias dóibh, ná ní thabharfaidh sé plúr; agus má thugann féin is eachtrannaigh a íosfaidh é.

Agus mé ag dul i laige le giorra anála, chuimhnigh mé ar an Tiarna agus tháinig m'achainí chugatsa, chomh fada le do Theampall naofa:

Nuair is dóigh le duine gan aird gur mór le rá é féin, is á mhealladh féin atá sé.

Ná mealladh aon duine sibh le hargóintí baotha, mar sin iad na peacaí a tharraingíonn fearg Dé anuas ar lucht na míréire.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí