Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Iób 15:20

An Bíobla Naofa 1981

I gcaitheamh a ré go léir, Tá an t‑urchóideach á chiapadh Agus tá blianta an tíoránaigh arna ríomhadh.

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Seo thú inniu do mo dhíbirt ón talamh seo; rachaidh mé i bhfolach ó do ghnúis; beidh mé i mo theifeach agus i m'fhánaí ar talamh agus an té thiocfaidh orm maróidh sé mé.”

Ar dóibh amháin a tugadh an talamh, Agus nár ghabh aon deoraí ina measc:-

Agus cuireann lá an dorchadais scanradh air; Faigheann buairt agus dálghas an lámh in uachtar air, Amhail agus dá mbeadh rí éigin ar tí a ionsaithe.

Cén fáth nach bhfuil a thaisce tráthanna féin ag an Uilechumhachtach? Agus cén fáth nach bhfeiceann lucht a aitheantais a laethanta?

Sé seo atá i ndán ag Dia don choirpeach, Agus an oidhreacht a bhronnann an tUilechumhachtach ar an tíoránach.

Múin dúinn giorra shaoil an duine chun go bhfaighimid críonnacht inár gcroí.

I measc na nithe go léir a tharlaíonn abhus faoi luí na gréine is é seo an ceann is measa: nach bhfuil ach an t‑aon chinniúint amháin i ndán do chách. Dá dheasca sin tá croíthe na ndaoine lán d'urchóid, agus tá an díth céille i réim iontu fad is beo dóibh - agus ina dhiaidh sin siúd leo chun na marbh.

Is eol dúinn go ráibh an chruthaíocht go léir le chéile go dtí anois ag cneadach le tinneas mar a bheadh sí ar a leaba luí seoil.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí