Nach lú ná sin an duine, atá bréan gráiniúil, Agus a shlogann an urchóid mar dheoch uisce?
Éist liom, tá ceacht agam duit, Agus inseoidh mé duit cad a chonaic mé:
Ba mhilis é blas na hurchóide ina bhéal, Agus chuir sé i bhfolach í faoina theanga.
An bhfuil a lán de leithéid Iób ann, A shlogann an sciolladh mar uisce?
Nach mó is amhlaidh sin do lucht cónaithe i dtithe cré, Arb é an luaithreach a mbunús, A bhruítear mar an leamhan!
Ar an ábhar sin, séanfaidh mé mo bhriathra féin, Agus déanfaidh mé aithrí sa deannach agus sa luaithreach.
Breathnaíonn an Dia ó neamh ar chlann na ndaoine go bhfeice sé an bhfuil tuiscint ag aon duine nó an iarrfaidh sé Dia.
Tugann an drochfhinné tarcaisne don cheart; alpann craos an urchóidigh an t‑olc.
Bhíomar féin gan chiall tráth; bhíomar easumhal agus ar seachrán, bhíomar tugtha d'ainmhianta agus do phléisiúir den uile shórt; bhíomar lán d'urchóid agus d'fhormad; bhíomar gráiniúil agus bhí fuath againn dá chéile.