An beag ort na sóláis ó Dhia? Agus an focal a labhraíonn go cneasta leat?
Tháinig Zidicíá mac Canáná chun tosaigh ansin agus bhuail sé Míocáia i gcorrán a ghéill agus dúirt: “Conas a d'fhág spiorad an Tiarna mise le labhairt leatsa?”
An ní is eol daoibhse, is eol domsa freisin; Níl an tosach agaibh orm!
Ar chuala tú rún Dé? Ar ghlac tú an eagna chugat féin amháin?
Níor chlaon mé ó aithne a bheola, Agus thaiscigh mé briathra a bhéil.
Ach saorann sé an mhuintir umhal lena n‑ainnise, Agus osclaíonn a gcluasa le cruatan.
Tá faoiseamh á bheartú aige duitse freisin; Bhí cónaí ort tráth i só gan teorainn, Agus sólais mhéithe ar do bhord.
Bheadh sé fós mar shólás agam - Agus bheinn daingean i bpian gan taise - Nár shéan mé briathra an té is Naofa.
Lorgaim an Tiarna in am mo bhuartha; Sínim mo lámha chuige gan sos ar feadh na hoíche, agus diúltaíonn m'anam don sólás.
Ach an Dia a thugann sólás do na huirísle, thug sé sólás dúinne nuair a tháinig Títeas ar an láthair.