Dar ndóigh, is eol do na beo go bhfaighidh siad bás, ach níl eolas dá laghad ag na mairbh, agus ní mó ná sin atá luach saothair ar bith ann dóibh a thuilleadh, mar tá a gcuimhne imithe i ndearmad ar fad.
óir is tusa ár n‑athair, cé nach n‑aithníonn Abrahám sinn agus nach cuimhin le hIosrael sinn níos mó. Tusa, a Thiarna, is athair dúinn; ár bhfuascailteoir, is é sin d'ainm riamh anall.
Nuair a bhí sí ag saothrú an bháis, dúirt na mná a bhí ina seasamh timpeall uirthi: “Ná bíodh eagla ort! Rug tú mac!” Ach níor thug sí aon fhreagra orthu agus ní raibh aon aird aici orthu.