Bheadh mo choireanna faoi shéala i mála, Agus chuirfeá folach ar mo pheaca.
Mar a thiteann sliabh le fána, Agus a chorraítear carraig as a láthair,
Deir sibh: “Déanann Dia pionós an duine a chur i dtaisce dá chlann.” Déanadh sé díoltas air féin - d'fhonn go mbeadh a fhios aige!
“Táim gan cháim, gan pheaca; Táim ionraic, saor ó urchóid.
Cé go mbeinn sa chóir, dhaorfaí as mo bhéal féin mé; Dá mbeinn gan choir, d'áiteodh sé coir orm.
Ansin do thumfá mé sa cheachair, Agus ba ghráin le mo chuid éadaigh féin mé.
Bíodh go nífeá thú féin i mbuac agus go dtógfá chugat mórán gallúnaí, bhraithfinn ina dhiaidh sin sal do choire - is é an Tiarna Dia a labhraíonn.
Scríobh mé amach an cuntas agus shéalaigh é, ghlaoigh mé ar fhinnéithe agus thomhais an t‑airgead sa mheá.
Tá urchóid Eafráim á coinneáil faoi chumhdach, agus tá a peaca curtha i dtaisce.
Óir is d'fhiniúin Shodom dá bhfiniúin agus ó dhoirí Ghomorá. Caora nimhe a gcaora, crobhaingí searbha a gcrobhaingí.
Ach eisean, nach seoid luachmhar chánach agam é arna cumhdach i mo chiste?