Éistigí anois, le bhur dtoil, le mo ghearán, Agus tugaigí aird ar na hargóintí ó mo bhéal:
Tugaigí aird ar a bhfuil le rá agam, Agus cluas ghéar do mo bhriathra:
Uch nach gcoimeádfadh sibh bhur mbéal dúnta! Ba chríonna an mhaise daoibh é!
An ndéanfaidh sibh cúis Dé a chothú le héitheach, Agus bréag a insint ar a shon.
Éistigí lena bhfuil le rá agam, a shaoithe, Agus tugaigí cluas dom, a lucht an eolais.
Nuair a insíodh é sin do Iótám, ghabh sé suas ar Shliabh Girizím agus sheas ar a mhullach, gur ghlaoigh sé os ard orthu á rá: “Éistigí liomsa, a cheannairí Sheicim, i dtreo go n‑éistfidh Dia libhse.