[Tá mo shaol] go léir ag creimeadh mar chríonach, mar bhrat ite ag leamhain.
Tugaim athair ar an morgadh, Agus máthair agus deirfiúr ar an gcruimh.
Agus d'imigh an Sátan amach ó láthair an Tiarna agus bhuail sé Iób le neascóid ghangaideach ó bhonn a choise go baithis a chinn.
Nach mó is amhlaidh sin do lucht cónaithe i dtithe cré, Arb é an luaithreach a mbunús, A bhruítear mar an leamhan!
Tá míola ag snámh ar mo chorp agus salachar ina bhrat air; Tá mo chraiceann ag scoilteadh agus ag leá leis.
Tóg uaim anois do sciúirse; tá mé cloíte ag buillí do láimhe.
An uair a smachtaíonn tú an duine le hachasán i ngeall ar a pheaca leánn tú mar leamhan an ní is luachmhar leis; níl in aon neach ar bith ach puth anála.
Tá an Tiarna Dia ag cuidiú liom, cé a thabharfadh ciontach mé? Beidh siad spíonta smolchaite ar nós giobal éadaigh, agus iad á gcreimeadh ag leamhain.
Is angadh mise d'Eafráim, agus críonlobhadh do theaghlach Iúdá.
Ná bíodh sí mar árrachtach ag teacht ó bhroinn a mháthar agus leath a chuid feola lofa.”
Chuaigh lobhadh ar bhur saibhreas agus d'ith na leamhain bhur gcuid éadaigh.