Cuireann tú mo chosa i gceap, Agus faireann tú mo bhealaí go léir, Agus tugann tú aird ar rian mo chos.
A rá is go bhfuil tú sa tóir ar mo pheaca, Agus ar lorg mo choire,
Óir dhéanfá mo chéimeanna a ríomhadh Agus ní bheifeá ag faire mo locht.
Mhill a fhearg é, agus tugann sé fogha fúmsa; Tá a fhiacla á ndrannadh aige i m'aghaidh Agus tá mo naimhde ag stánadh orm.
Agus d'imigh an Sátan amach ó láthair an Tiarna agus bhuail sé Iób le neascóid ghangaideach ó bhonn a choise go baithis a chinn.
Cad chuige a dtugtar an solas don duine a bhfuil a shlí i bhfolach, Agus ar thóg Dia fál ina thimpeall?
Chuir sé mo chosa i gceap, Agus faireann sé mo bhealaí go léir.”
Leanann sé í de gheit, faoi mar a rachadh damh chun a mharaithe, Nó mar a rachadh fia i ngaiste,
D'ordaigh Paischiúr Irimia a bhualadh agus a chur sna ceapa ag Geata Bhiniáimin, geata uachtair Theampall an Tiarna.
Nuair a fuair an coimeádaí an t‑ordú sin, chuir sé iad sa chillín ba fhaide isteach agus dhaingnigh a gcosa i gceap adhmaid.