Go saora do lámh mé, a Thiarna, ó dhaoine a bhfuil mian a gcroí i nithe an tsaoil seo. Líonann tú a mbolg as do líonmhaireacht go mbíonn díol a sáithe ag a gclann, agus go bhfágann siad fuíoll ag a leanaí.
Is ceart atá tú, a Thiarna, nuair a dhéanaim casaoid ort. Ach lig dom pointe breithiúnais a cheistiú. Cad chuige a mbíonn an rath ar dhrochdhaoine? Go mbíonn siad siúd sona a dhéanann olc?
d'éirigh siad méith agus sleamhain. Go deimhin níl teorainn leo le holcas, níl meas acu ar an gceart, ní trua leo cás an dílleachta, cúis na mbocht, ní chosnaíonn siad.