Scaoileann sé crios na ríthe Agus ceanglann brat íochtair faoina gcoim.
Maslaíonn sí flatha Agus coilleann ceandáine na dtréan.
Mar aon le ríthe agus le comhairleoirí na cruinne, A thóg dóibh féin na láithreacha a bhí bánaithe,
De bhrí gur bhain Dia mo chumas díom, agus gur threascair sé mé, Chaitheadar an béalbhach as a mbéal.
Is mise do ghiolla, a Thiarna, sea, is mac do chailín aimsire; scaoil tú mo chuibhreacha.
Níl duine díobh atá traochta ná tuirseach, ná duine atá ceanntrom ná codlatach; a chrios níl scaoilte dá chorróig ag aon duine acu ná iall a chuid cuarán briste.
Agus Eoin féin, bhí éadach de rón camaill air, agus crios leathair faoina choim, agus is é bia a bhíodh aige, lócaistí agus mil fhiáin.
Scríofa ar a fhallaing agus ar a shliasaid aige tá: “Rí na Ríthe agus Tiarna na dTiarnaí.”