Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Iób 12:12

An Bíobla Naofa 1981

Leis an tseanaois a ghabhann an eagna Agus an chríonnacht le síneadh na mblianta.

Féach an chaibidil Cóip

5 Tagairtí Cros  

Ansin chuaigh Rachabám rí i gcomhairle leis na seanóirí a bhí ag déanamh seirbhíse dá athair Solamh fad a mhair sé. “Cén freagra,” ar sé, “ar chóir dom dar libh a thabhairt don mhuintir seo?”

Tá an ceann liath agus an críonna inár measc, Agus aos acu thar mar atá ag d'athair.

Agus ansin d'fhreagair Eilíhiú mac Bharacael agus dúirt: Táim ar bheagán blianta Agus sibhse in bhur seanóirí, Uime sin bhí eagla agus ceann faoi orm Mo smaointe a nochtadh.

Dúirt mé: “Labhraíodh na blianta Agus cuireadh an aois mhór an eagna in iúl!”

Cuir ceist ar an nglúin a d'imigh romhat, Agus tabhair aird ar sheanchas a sinsear -




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí