Cé a chuaigh suas ar neamh agus a thuirling arís? Cé a cheap na gaoithe ina mháma? Cé a ghabh na huiscí ina bhrat? Cé a chuir bonn faoi chríocha na cruinne? Céard is ainm dó féin agus céard is ainm dá mhac? Ar ndóigh is eol duit!
Gach uile ní a dhéanann Dia, oireann sé dá thráth féin; ach bíodh gur chuir sé ar chumas an duine machnamh a dhéanamh ar imeacht an ama ina iomláine, ní féidir leis an duine an obair a dhéanann Dia ó thús go deireadh a thuiscint.
An ea nach bhfuil fhios agat? An ea nach eol duit é? Dia síoraí is ea an Tiarna, is é a chruthaigh críocha na talún. Ní thagann tuirse air ná traochadh agus níl léamh ar a eagna.
Tá gach aon ní tugtha domsa ag m'Athair. Agus níl aithne ag aon neach ar an Mac ach amháin ag an Athair, ná níl aithne ag aon neach ar an Athair ach amháin ag an Mac agus an té ar toil leis an Mac a fhoilsiú dó.