Agus an ndéarfaidh tú: “Is íon é mo theagasc, Agus an bhfuilim glan i do radharc?”
Óir is eol duit nach bhfuilim urchóideach, Agus nach bhfuil aon duine le fuascailt a dhéanamh as do láimh.
Uch nach labhródh Dia Agus a bhéal a oscailt chugat,
Uch nach gcailltear an glan Ar mhalairt slí leis an neamhghlan!
An dóigh leat gur chóir duit A rá: “Táimse fíréanta i láthair Dé”?
Bheadh sé fós mar shólás agam - Agus bheinn daingean i bpian gan taise - Nár shéan mé briathra an té is Naofa.
Abair gur pheacaigh mé, cén dochar duit sin, A fhir faire an chine dhaonna? Cad ab áil leat ag déanamh sprice díom, I dtreo gur ualach ort mé?
Aitheanta córa a thugaim daoibh agus ná tréigigí mo theagasc.
Bíodh urraim in bhur gcroí istigh agaibh do Chríost mar Thiarna. Bígí réidh i gcónaí le cosaint a dhéanamh in aghaidh aon duine a iarrann oraibh bonn a thabhairt leis an dóchas atá ionaibh; ach déanaigí amhlaidh le cneastacht agus le hurraim,