Beidh do shaol níos gile na meán lae, Agus déanfar láchan dá dhorchadas.
Mhol Dáiví an Tiarna i láthair an chomhthionóil ar fad agus dúirt: “Gura beannaithe thú, a Thiarna, Dia Iosrael ár sinsear, go brách na breithe.
Beidh misneach agat, mar tá dóchas agat; Féachfaidh tú i do thimpeall, agus luífidh tú síos go slán sábháilte.
Beidh an tUilechumhachtach agat mar ábhar lúcháire, Agus ardóidh tú do ghnúis chun Dé.
Má bheartaíonn tú cúrsa, rithfidh leat, Agus lonróidh solas ar do bhealaí.
Nuair a bhí a lampa ag taitneamh os mo chionn, Agus a sholas mar threoir agam sa dorchadas,
Bíonn ina sholas sa dorchacht don dea-dhuine; is trócaireach é, is fial, is ionraic.
i dtreo go n‑éireoidh d'fhíréantacht mar sholas agus d'ionracas mar ghrian an mheán lae.
Arna bplandú in áras an Tiarna dóibh, beidh siad faoi mhaise i gcúirteanna Dé.
Tá solas á nochtadh don fhíréan, agus lúcháir do lucht an chroí dhírigh.
Tá bealach na bhfíréan mar an láchan, agus a solas ag dul i ngile go hard an lae.
Bíodh aithne againn ar an Tiarna; déanaimis ár ndícheall le haithne a chur air! Beidh a thaibhsiú chomh cinnte le breacadh an lae; tiocfaidh sé chugainn mar an bháisteach, amhail fearthainn an earraigh a uiscíonn an tír.”