Ná bíodh eagla ort, mar ní thabharfar do náire; ná bí buartha, ní bhainfear lasadh asat níos mó. Óir déanfaidh tú dearmad ar náire d'óige agus ní bheidh cuimhne agat feasta ar mhíchlú do bhaintreachais.
Is ionann cás dom anois agus in aimsir Naoi nuair a mhionnaigh mé i dtaobh uiscí na Díleann nach sceithfeadh siad thar an talamh níos mó. Mionnaim mar an gcéanna i dtaobh na feirge a bhí orm leat agus i dtaobh na haithise a chaith mé leat.
An té a mbeidh beannacht uaidh ar talamh, beannacht ó Dhia na fírinne a bheidh uaidh, agus an té a thabharfaidh a mhionn ar talamh, dar Dia na fírinne a mhionnóidh sé, óir ligfear amhgar an tseanama i ndearmad agus beidh sé ceilte ar mo radharc.
Nuair a bhíonn bean ina luí seoil, bíonn buairt uirthi, de bhrí go bhfuil a hionú tagtha. Ach nuair a bhíonn an leanbh saolaithe, ní bhíonn cuimhne aici ar an trioblóid a thuilleadh, le barr áthais go bhfuil duine saolaithe.