An bhfuil do ré mar ré an duine dhaonna? Agus do bhlianta mar bhlianta an duine?
A rá is go bhfuil tú sa tóir ar mo pheaca, Agus ar lorg mo choire,
Is éachtach é Dia, agus sáraíonn sé ár n‑eolas; Níl áireamh ar líon a bhlianta.
Is cosúil mo laethanta le scáil a chuaigh chun síneadh; tá mé ag críonadh ar nos an fhéir.
ach bíonn tusa gan claochlú gan críoch le do laethanta.
fillfidh tú ar a chéile iad mar bhrat agus mar chlóca freisin déanfar iad a mhalartú; ach ní thagann athrú ortsa in aon chor agus ní bheidh deireadh le do ré.”
Ach ná déanaigí dearmad den phointe seo, a chairde cléibh, gur cuma aon lá amháin leis an Tiarna nó míle bliain, agus míle bliain nó aon lá amháin.