Agus bheith amhail is nach raibh mé ann riamh, Do mo bhreith ó bhroinn go huaigh.
Cén fáth gur thug tú ón mbroinn mé? Uch nár éag mé, gan súil a leagan orm,
Nach suarach iad laethanta mo bheatha? Lig dom le go mbeadh greas aoibhnis agam,
Óir déanann an dorchadas mise a cheilt air, Agus cuireann an ghruaim brat idir é agus mé.
Cén fáth nár cailleadh mé sa bhroinn, Nach bhfuair mé bás ag teacht dom aisti?
Nó mar mharbhleanbh folaithe [nach raibh ann], Amhail naíonáin nach bhfaca riamh an solas.
Go gceiliúra siad amhail uisce a shníonn le fána, go bhfeo siad amhail féar nuair a bhuailtear cos air.
de bhrí nár mharaigh sé mise sa bhroinn, go mbeadh mo mháthair ina huaigh agam fad a bheadh a broinn torrach orm.