Chuir tú an méid sin i bhfolach i do chroí, Is eol dom gurbh é seo a bhí beartaithe agat:
Dá ndéanfainn peaca, súil a choinneáil orm Agus gan mo choir a mhaitheamh dom.
Ach tá a rogha déanta aige, agus cé a d'fhéadfadh é a chur ar mhalairt treo? Cibé ní a bheartaíonn sé ina chroí, cuirfidh sé i gcrích é.
Comhlíonfaidh sé cibé rud a shocraigh sé dom, Dála a lán beartas eile atá socair aige.
Má chuardaím thuaidh é, níl fáil air; Má chasaim ó dheas, ní fheicim é.
Go deimhin, is faratsa atá Dia i bhfolach, Dia Iosrael, an slánaitheoir.
cumaim an solas agus cruthaím an dorchadas. Tugaim an sonas ann agus spreagaim an donas, is mise an Tiarna a dhéanann é ar fad.
Cé a labhraíonn agus go ndéantar beart dá réir, mura gceadaíonn an Tiarna é?
Cad é doimhneas ollmhaitheasaí agus eagna agus eolas Dé! Nach do-thuigthe atá a bhreithiúnais agus nach dorianta atá a bhealaí!
de réir an bheartais shíoraí a chuir sé i bhfeidhm i gCríost Íosa ár dTiarna.
Féach anois, gur mise É, mise féin agus níl aon dia eile ann ach mé. Is mé údar an bháis agus údar na beatha Nuair a bhuailim, is mé a leigheasann (agus níl duine a dhéanfadh fuascailt as mo láimh).