Chuir tú brat craicinn agus feola tharam, Agus dhlúthaigh tú mé le cnámha agus le féithleoga;
Nár dhoirt tú amach mé mar bhainne Agus nár théachtaigh tú mé mar dhéanfá cáis?
Bhronn tú beatha agus buanghrá orm Agus caomhnaigh tú m'anam le barr cúraim.
Óir is tú a dheilbhigh go hiomlán mé; agus a d'fhuaigh i mbroinn mo mháthar mé.
Mar is é a bheir don chorp a bheith fite fuaite ina chéile le cabhair gach nasc dá bhfuil ag fónamh dó, agus, de réir mar a bhíonn gach ball ag gníomhú mar is cuí, fásann an corp iomlán agus téann i méid sa ghrá.