á rá: “Tarrnocht a tháinig mé as broinn mo mháthar, Agus tarrnocht a fhillfidh mé inti arís. An Tiarna a bhronn orm, agus an Tiarna a rug uaim. Moladh le hainm an Tiarna.”
Le hallas do ghrua is ea a íosfaidh tú do chuid aráin go bhfillfidh tú ar an talamh mar is as a tháinig tú. Óir is luaithreach thú, agus ar an luaithreach is ea a fhillfidh tú.”
Níor éist an rí dá réir sin leis an bpobal, agus bhí sin curtha i gcrích ag an Tiarna ionas go gcomhlíonfadh sé an gealltanas a thug sé ó bhéal Aichíá ó Shileo do Iarobám mac Nabát.
Dúirt Hiziciá le hÍseáia: “An focal seo leis an Tiarna a d'fhógair tú, is maith é,” mar bhí sé á rá leis féin: “Nach cuma é? fad atá síocháin le mo ré agus sinn saor ó bhaol.”
agus dúirt na Léivítigh Iéisiúa, Caidmíéil, Báiní, Haisibniá, Séiribiá, Hóidíá, Seabainiá agus Patachiá: “Éirígí agus beannaígí an Tiarna bhur nDia trí shaol na saol. Moladh leat, a Thiarna ár nDia, Trí shaol na saol! Moladh le d'ainm glórmhar A sháraíonn gach moladh agus móradh.
“Labhraíonn tú dála na mban baoth,” ar sé léi; “glacaimid an mhaith ó láimh Dé; nach nglacfaimid an t‑olc chomh maith?” San ainnise sin go léir níor pheacaigh Iób ó bhéal.
Mar a tháinig sé amach as broinn a mháthar, is amhlaidh sin a imeoidh sé arís; chomh tarnocht agus a tháinig sé agus gan dada aige de bharr a shaothair a fhéadfaidh sé a thabhairt leis.
Is scannalach an t‑olc seo chomh maith: go n‑imeoidh sé go díreach mar a tháinig sé; agus cén tairbhe a fhaigheann sé nuair is in aisce a bhíonn a chuid saothair go léir.
Cé thug Iacób ar láimh don chreachadóir agus Iosrael do lucht a scriosta? Nárbh é an Tiarna é? Ó rinne muid peaca ina aghaidh agus nár mhian linn a bhealaí siúd a leanúint, ná éisteacht lena reacht.
Níl aon dea-thíolacadh, ná aon tabhartas foirfe, nach anuas a thagann sé, ag teacht anuas ó Athair na soilse, nach bhfuil aon mhalartú ina láthair ná aon scáil athraithe.
Féach go bhfógraímid gurb aoibhinn dóibh siúd a sheas an fód. Chuala sibh faoi fhoighne Iób agus an chríoch a chur an Tiarna léi, mar go bhfuil sé lán de thaise agus de thrócaire.
Oir d'imigh mé liom sách agus thug an Tiarna abhaile mé seang. Cad ab áil libh ag tabhairt Náoimí orm dá bhrí sin, mar thug an Tiarna fianaise i m'aghaidh, agus rinne an tUilechumhachtach mé a chiapadh?”
Tógann sé an bocht as an luaithreach; Ardaíonn sé na gátaraigh ón gcarn aoiligh, Á gcur ina suí le flatha Agus ag bronnadh cathaoir onóra orthu. Óir is leis an Tiarna colúin na cruinne Agus is orthu a bhunaigh sé an domhan.