Agus dúirt an Tiarna leis an Sátan: “Féach, an uile ní dá bhfuil aige, tá sé faoi do smacht; ach air féin amháin ná leag do lámh.” Agus leis sin chuaigh an Sátan amach as láthair an Tiarna.
Ach dúirt Abrám le Sáraí: “Féach, tá d'ionailt faoi do smacht féin. Déan do rogha rud léi!” Chrom Sáraí ar í a chiapadh dá bhrí sin agus theith sí uaithi.
D'fhreagair sé: ‘Imeoidh mé agus beidh mé i mo spiorad éithigh i mbéal a fháithe go léir.’ ‘Meallfaidh tú é,’ arsa an Tiarna, ‘rithfidh leat. Téigh agus déan é.’
D'fhreagair Íosa: “Ní bheadh cumas ar bith agat orm mura mbeadh é á thabhairt duit ó lastuas. Agus dá bhrí sin, an té a thug ar láimh duit mé, is mó an peaca atá air.”
Níor rug aon triail oraibh go dtí seo a bhí thar chumas an duine. Mar tá Dia dílis agus ní ligfidh sé bhur dtástáil thar bhur n‑achmhainn agus nuair a thiocfaidh an triail cuirfidh sé an bealach ar fáil chomh maith i dtreo go mbeidh ar bhur gcumas teacht uaithi slán.
Agus le heagla go gcuirfeadh na foilsithe iontacha sin an iomarca éirí in airde orm, cuireadh bior sa bheo ionam, teachtaire ó Shátan chun mé a ghreadadh ar shlí nach dtiocfadh aon éirí in airde orm.