Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Hóisé 9:3

An Bíobla Naofa 1981

Ní bheidh cónaí orthu níos mó i dtír an Tiarna, mar rachaidh Eafráim ar ais chun na hÉigipte agus íosfaidh siad bia neamhghlan san Asaír.

Féach an chaibidil Cóip

24 Tagairtí Cros  

ansin déanfaidh mé Iosrael a dhíbirt ón tír a thug mé dóibh agus caithfidh mé uaim as mo radharc an Teampall seo a choisric mé do m'ainm, agus beidh Iosrael ina sheanfhocal agus ina nath i measc na gciníocha go léir.

Sa naoú bliain de réimeas Hóiséa ghabh rí na hAsaíre an tSamáir agus dhíbir sé na hIosraelaigh chun na hAsaíre. Chuir sé ina gcónaí iad i Hala agus ar an Hábór, abhainn de chuid Ghózán, agus i gcathracha na Méideach.

Cúiteoidh mé a gciontacht agus a bpeaca faoi dhó, de bhrí gur thruailligh siad mo dhúiche le conablacha a nithe fuafara, is líonadar m'oidhreacht lena ngráiniúlachtaí.”

Thug mé sibh go tír thorthúil, a ithe a torthaí agus a maitheasa; ach níor luaithe sibh ann ná gur thruailligh sibh mo dhúiche go ndearna sibh m'oidhreacht fuafar.

Ghéilleamar, seal do na hÉigiptigh, seal do na hAsaírigh, chun ár ndóthain bia a fháil.

An Tiarna a dúirt: ‘Mar seo a chaithfidh clann Iosrael a n‑arán salach a ithe i measc na gciníocha mar a ndíbreoidh mise iad.’ ”

Tiocfaidh siad ón Éigipt mar ealta éan, agus ó chríocha na hAsaíre mar scata colm, agus treoróidh mé abhaile iad chun a dtithe féin - an Tiarna a labhraíonn.

Ach rachaidh siad ar ais go dtí críocha na hÉigipte, agus beidh an Asaír ina rí orthu de bhrí gur dhiúltaigh siad filleadh ormsa.

Colm baoth gan chiall is ea Eafráim; bíonn siad ag glaoch ar an Éigipt, agus is ar an Asaír a bhíonn a dtriall.

Téann siad i muinín [rud gan mhaith]; is cuma nó bogha scaoilte iad. Bás de rinn a gheobhaidh a bhflatha mar gheall ar shotal a gcuid cainte; agus beidh siad ina gceap magaidh i dtír na hÉigipte dá bharr.

Tá andúil acu in íobairtí fola; Ofrálann siad iad chun go mbeadh an fheoil le hithe acu! Go deimhin, ní taitneamhach leis an Tiarna iad. As seo amach coinneoidh sé cuimhne ar a n‑urchóid, agus cúiteoidh sé a bpeacaí leo; rachaidh siad ar ais chun na hÉigipte.

Mar, féach, teithfidh siad leo ón léirscrios; cruinneoidh an Éigipt iad, agus tabharfaidh Meimfís adhlacadh dóibh. Beidh neantóga ina n‑oidhrí ar a n‑earraí luachmhara airgid, agus glacfaidh sceacha seilbh ar a scrínte.

Má thruaillíonn sibhse é, nach ndéanfaidh sé sibh a sceith de mar a rinne leis an gcine a bhí ann romhaibh?

Coimeádaigí dá bhrí sin mo dhlíthe go léir agus mo reachtanna go léir, agus déanaigí dá réir; ní dhéanfar ar an gcuma sin sibh a sceith den talamh a bhfuil mé bhur dtabhairt le cónaí ann.

Ná díoltar an talamh amach go deo, óir is liomsa an talamh agus níl ionaibhse ach lucht deoraíochta agus aíochta agamsa.

Maith go leor, seo mar a deir an Tiarna: “Rachaidh do bhean le striapachas sa chathair, titfidh do mhic agus do iníonacha leis an gclaíomh, roinnfear d'fhearann leis an dorú, gheobhaidh tú féin bás ar thalamh truaillithe, agus rachaidh Iosrael ar deoraíocht i bhfad i gcéin óna thír dhúchais.”

“Éirígí! Amach libh! [a deir sibh leo]. Ní ionad sosa daoibhse é seo!” Agus éilíonn sibh bannaí míchuíosacha orthu ar rudaí suaracha.

“Nar lige Dia sin, a mháistir,” d'fhreagair Peadar, “mar níor ith mé riamh aon ní a bhí mínaofa ná neamhghlan.”

Faoi mar a rinne an Tiarna gairdeas ag bronnadh conáich agus ratha oraibh, sin mar a dhéanfaidh sé gairdeas do bhur scrios agus do bhur milleadh. Stoithfear sibh as an talamh a bhfuil sibh ag dul ann á shealbhú.

Tabharfaidh an Tiarna ar ais don Éigipt i longa thú, aistear a gheall mé duit nach ndéanfá go deo arís. Beidh fonn oraibh ansiúd sibh féin a reic le bhur naimhde mar dhaoir agus mar dhaoirseacha, ach ní cheannóidh aon duine sibh.”

an lá sin glaofaidh mé ar neamh agus ar thalamh le fianaise a thabhairt in bhur n‑aghaidh; rachaidh sibh ar ceal gan mhoill ón tír a bhfuil sibh ag dul thar an Iordáin á shealbhú. Ní fada a mhairfidh sibh ann; rachaidh sibh i ndísc ar fad.

Ach má comhlíonadh daoibh gach gealltanas fónta a thug an Tiarna bhur nDia daoibh, comhlíonfaidh an Tiarna chomh maith gach urchóid atá á bagairt aige oraibh, go fiú sibh a scrios as an tír fhónta a thug an Tiarna bhur nDia daoibh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí