Tá Eafráim sleabhctha agus a bhfréamh seargtha; ní thabharfaidh siad toradh uathu go deo arís. Fiú má éiríonn leo clann a bhreith, maróidh mise toradh muirneach a mbroinne.
Ní luaithe beangán nó síol uathu i dtalamh, ní luaithe fréamh curtha síos ag a ngas ná séideann sé orthu. Seargann siad ar an toirt agus tugann an stoirm ar shiúl iad ar nós coinlín.
Mar alpann na lasracha an coinleach agus mar a chailltear an cháith sa tine, is amhlaidh a bheidh a bhfréamh siúd ag dreo agus a shiabfar a bpéacán ar siúl ina dheannach, as siocair gur dhiúltaigh siad do reacht Thiarna na Slua agus gur chaith drochmheas ar bhriathar Neach Naofa Iosrael.
‘Abair le muintir Iosrael: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Tá mé ar tí mo shanctóir a thruailliú, togha bhur nirt, mian bhur súl, dúil bhur n‑anama. Bhur mic agus bhur n‑iníonacha, iadsan a fhágfaidh sibh in bhur ndiaidh, titfidh siad leis an gclaíomh.
Lasmuigh déanfaidh an claíomh eirleach ar a gclann, agus laistigh beidh an scéin i réim. Ní mhairfidh ógfhear nó ógbhean, an leanbh cíche ná an seanduine liath.