Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Hóisé 9:13

An Bíobla Naofa 1981

Mar a fheictear domsa é, Tuír eile is ea Eafráim atá curtha in áit ghlas fhéarmhar ach beidh uirthi a clann a ligean uaithi le marfóir.

Féach an chaibidil Cóip

13 Tagairtí Cros  

Is ag an am seo a chreach Manachaem Tapsach, a chuir sé gach duine ann chun báis, agus a chreach sé a dhúiche go léir óThirzeá ar aghaidh de bhrí nár oscail sé a gheataí dó; chreach sé an chathair agus rop sé claíomh i mbroinn gach mná a bhí ag iompar.

Dá líonmhaire iad a chlann mhac, sé an claíomh is dán dóibh; Agus beidh a sliochtsan ar an ngannchuid bia.

Teilgfidh mé as mo radharc sibh, mar a theilg mé bhur ndeartháireacha uile, síol Eafráim ar fad.

Tháinig an bás suas chun ar bhfuinneog, agus rinne a bhealach isteach inar bpáláis; ghearr sé anuas na leanaí sa tsráid, na fir óga ar an bhfaiche.

Chruinnigh tú uafás thart orm ó gach taobh, mar a chruinníonn daoine le chéile ar lá féile; níor fágadh fuíoll áir ná fear inste scéil ar lá dhíbheirge an Tiarna; an chlann a rug agus a thóg mé, dhíothaigh mo namhaid iad go léir.

Abair leis an Tuír, an chathair atá suite ar bhruach na farraige agus a dhéanann gnó leis an bpobal ar a lán insí: Seo mar a deir an Tiarna: A Thuír, dúirt tusa: ‘Tá mé thar a bheith sciamhach.’

éireoidh gleo an chogaidh i measc do mhuintire, agus scriosfar do dhúnta uile, mar a scrios Sealman Béit Arabael lá an chatha, nuair a rinneadh smidiríní den mháthair agus dá clann.

Thug mé fogha fúthu amhail beithir ar baineadh uaithi a coileáin, agus réab mé cochall a gcroí; rinne madraí craos orthu ansin, agus stróic ainmhithe allta as a chéile iad.

Scriosfar an tSamáir, mar bhí sí easumhal dá Dia. Bás le faobhar a imreofar orthu; déanfar smidiríní dá leanaí, agus réabfar a mná torracha.

Tá Eafráim sleabhctha agus a bhfréamh seargtha; ní thabharfaidh siad toradh uathu go deo arís. Fiú má éiríonn leo clann a bhreith, maróidh mise toradh muirneach a mbroinne.

Maith go leor, seo mar a deir an Tiarna: “Rachaidh do bhean le striapachas sa chathair, titfidh do mhic agus do iníonacha leis an gclaíomh, roinnfear d'fhearann leis an dorú, gheobhaidh tú féin bás ar thalamh truaillithe, agus rachaidh Iosrael ar deoraíocht i bhfad i gcéin óna thír dhúchais.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí