nó gur chaith an Tiarna Iosrael as a radharc de réir mar a gheall sé trí bhéal a shearbhóntaí go léir, na fáithe. Mar sin atá Iosrael san Asaír ar díbirt óna dtír féin go dtí an lá inniu.
Féach, a Thiarna, agus breathnaigh ar cé hí ar chaith tú léi mar seo; ní féidir gurbh éigean do mhná naíonáin dhea-chumtha a mbroinne féin a ithe; ní féidir gurbh éigean sagairt agus fáithe a mharú i sanctóir an Tiarna!
Chruinnigh tú uafás thart orm ó gach taobh, mar a chruinníonn daoine le chéile ar lá féile; níor fágadh fuíoll áir ná fear inste scéil ar lá dhíbheirge an Tiarna; an chlann a rug agus a thóg mé, dhíothaigh mo namhaid iad go léir.
Mairg dóibh, mar tá siad ar teitheadh uaim! Léirscrios orthu, óir d'éirigh siad amach i m'aghaidh! - Níorbh fhearr liom rud ná iad a fhuascailt, ach siúd ag bréagadóireacht iad i m'aghaidh!
Tá Eafráim sleabhctha agus a bhfréamh seargtha; ní thabharfaidh siad toradh uathu go deo arís. Fiú má éiríonn leo clann a bhreith, maróidh mise toradh muirneach a mbroinne.
Ar feadh daichead lá bhí an tír á bhrath agaibh; seasóidh gach lá do bhliain; ar feadh daichead bliain déanfaidh sibh ualach bhur bpeacaí a iompar agus beidh a fhios agaibh cad is brí le mé a shéanadh.’
Tabharfar do chlann mhac agus iníonacha ar láimh do dhaoine eile, agus gach lá beidh do shúile á snoí asat ag faire amach dóibh gan neart ar bith i do láimh leis an scéal a leigheas.
Lasfaidh m'fhearg ina gcoinne an lá sin agus tréigfidh mé iad, agus ceilfidh mé mo ghnúis orthu, agus alpfar iad; is iomaí urchóid agus tubaiste a thiocfaidh orthu i dtreo go ndéarfaidh siad an lá sin: ‘Nár tháinig na hurchóidí seo orm mar nach bhfuil an Tiarna mo Dhia in éineacht liom?’
Lasmuigh déanfaidh an claíomh eirleach ar a gclann, agus laistigh beidh an scéin i réim. Ní mhairfidh ógfhear nó ógbhean, an leanbh cíche ná an seanduine liath.