Hóisé 8:6An Bíobla Naofa 1981Cad is ceart d'Iosrael a dhéanamh leis? Saor a rinne é; ní dia é. Go deimhin, imeoidh lao na Samáire in aon bhladhm amháin lasrach. Féach an chaibidil |
Nuair a bhí sin go léir thart, d'imigh na hIosraelaigh go léir a bhí i láthair go cathracha Iúdá agus bhris na colúin ina smidiríní, agus ghearr anuas na cuaillí naofa, agus leag siad anuas agus scrios siad na hardionaid agus na haltóirí go léir ar fud Iúdá agus Bhiniáimin, Eafráim agus Mhanaise. Ansin d'fhill na hIosraelaigh go léir go dtí a gcathracha, gach duine chun a ghabháltais féin.