Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Hóisé 8:3

An Bíobla Naofa 1981

Tá Iosrael tar éis diúltú don Mhaith; rachaidh an namhaid sa tóir air.

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

Cuireann sé ina luí ar a aigne nach eol do dhaoine an choir atá déanta aige agus nach fuath leo í.

le teann feirge déan iad a thóraíocht agus a scrios de dhruim na talún, a Thiarna.”

Bhí ár lucht géarleanúna níos mire ná iolair an aeir; chuaigh siad sa tóir orainn thar na sléibhte agus rinne siad luíochán romhainn san fhásach.

Éann siad orm: “A Dhia liom”; ach is aithnid dúinne thú, a Iosrael.

Rinne siad ríthe gan bhail gan bhuíochas dom; cheap siad taoisigh gan mo chead ná mo chomhairle. Dhealbhaigh siad íola dóibh féin dá gcuid airgid agus óir, agus dá dheasca sin scriosfar iad.

Maidir leo siúd a fhágfar, seolfaidh mé lagar isteach ina gcroí i gcríocha a naimhde; cuirfidh siosarnach duilleoige le gaoth an teitheadh orthu agus teithfidh siad mar a theithfeadh duine ón gclaíomh; titfidh siad gan fear ar a dtóir.

Mar seo a deir an Tiarna: In éiric thrí pheaca Eadóm, in éiric a cheithre pheaca, ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith. De bhrí gur chiap sé a dheartháir leis an gclaíomh agus gur rad uaidh gach uile thrua, go mbíodh sé i gcónaí confach agus gur chothaigh ann féin de shíor an fhearg,

“Tabharfaidh an Tiarna faoi deara go mbrisfear ort os comhair do naimhde; rachaidh tú amach ar feadh an aon bhóthair ina n‑aghaidh, ach gabhfaidh tú seacht mbóthar ar teitheadh uathu; beidh tú i do ábhar uafáis ag ríochtaí uile an domhain.

agus bíonn sé le casadh ansin leo go ndeachaigh siad siar ar a gcéad fhocal.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí