(Tá Iosrael tar éis a Chruthaitheoir a dhearmad agus páláis a thógáil. Thóg Iúdá a lán cathracha daingne chomh maith. Ach cuirfidh mise tine lena chathracha agus loiscfidh sí a pháláis.)
Ba é ba lú a rinne sé ná aithris a dhéanamh ar Iarobám mac Nabát; phós sé Ízeibil iníon Eatbál rí na Síodónach, agus ansin chrom sé ar fhónamh do Bhál agus é a adhradh.
Thóg sé túir san fhásach, agus thochail sé a lán sistéal mar go raibh an oiread sin tréad aige sna hísleáin agus ar an ardchlár; bhí lucht saothraithe talún agus fíniúna aige ar na cnoic agus ar an talamh méith; ba gheal lena chroí an talamh.
mar go ndearna tú dearmad ar Dhia do shlánaithe, agus nár choinnigh tú cuimhne ar Charraig do nirt. Óir plandaíonn tú plandáil in onóir d'Adóinis, cuireann tú slapair de chuid na coigríche inti;
Tá an Tiarna ag triall amach mar bheadh laoch ann, tagann riastradh air mar a thiocfadh ar ghaiscíoch; cuireann sé an gháir chatha as, tógann sé liú, agus ar aghaidh leis ina laoch i gcoinne a naimhde.
Sa dóigh gur dhoirt sé fraoch agus fearg air agus fíoch an chogaidh. Agus chuir an fhearg sin trí thine é thart timpeall gan fhios dó, loisc sí é, agus ní dhearna sé a mhachnamh air.
Ach mura n‑éisteann sibh liomsa i dtaobh naomhú na sabóide agus gan ualach a iompar ag dul geataí Iarúsailéim isteach lá na sabóide, cuirfidh mise ansin a geataí trí thine; loscfaidh an tine páláis Iarúsailéim agus ní mhúchfar í.’ ”
An ndéanann maighdean dearmad ar a hornáidí, nó brídeog dearmad ar a feisteas pósta? Ach ina dhiaidh sin dhearmad mo phobal mise laethanta gan áireamh.
Síleann siad a thabhairt ar mo phobal m'ainm a dhearmad leis na haislingí a insíonn siad dá chéile, díreach mar a dhearmaid a n‑aithreacha m'ainm ar son Bhál.
Slogfaidh siad an fómhar agat agus an t‑arán, slogfaidh siad do mhic agus d'iníonacha, slogfaidh do thréada agus do shealbháin, d'fhíniúna agus do chrainn figí, scriosfaidh siad do bhailte daingne ina bhfuil do dhóchas.
Cheal eolais tá mo phobal á ndíothú. Ó chaith tusa uait an t‑eolas, caithfidh mise uaim thú as mo shagartacht; agus ó lig tusa teagasc do Dhé i ndíchuimhne, ligfidh mise do chlann i ndíchuimhne chomh maith.