Ní éann siad ormsa óna gcroí amach, nuair a bhíonn siad ag liúireach ar a leapacha; gearrann siad iad féin ar son arbhair agus úrfhíona, ach bíonn siad easumhal domsa.
D'éiríodar go moch arna mhárach dá bhrí sin agus d'ofráladar íobairtí loiscthe agus thugadar leo íobairtí síochána; ansin shuigh an pobal uile chun bia agus dí, agus d'éiríodar chun scléipe.
Deir an Tiarna: “De bharr nach dtaobhaíonn an pobal seo mé ach ina gcaint, agus nach dtugann onóir dom ach ó bheola, san áit gur fada uaim atá a gcroí agus nach bhfuil ina gcráifeacht ach aitheanta daonna atá de ghlanmheabhair acu,
Ach anois cad atá agam anseo? a deir an Tiarna, ó tógadh mo mhuintir ar shiúl saor in aisce agus lucht smachtaithe ag déanamh gaisce, a deir an Tiarna, agus ó mhaidin go hoíche gan stad tá m'ainm á mhaslú.
Éigh ó do chroí amach ar an Tiarna, a bhalla iníon Shíón; bí ag tál na ndeor ina dtuile de lá agus d'oíche; ná tabhair faoiseamh ar bith duit féin; nár thriomaí do shúile choíche.
“Imigh leat arís,” arsa an Tiarna liom, “tabhair grá do bhanadhaltrach a ghránn fear eile, faoi mar a thugann an Tiarna grá do chlann Iosrael, cé go n‑iompaíonn siad chun déithe eile agus go bhfuil dúil acu i gcístí rísíní.”
Beidh caointe á gcanadh sa teampall an lá sin, - is é an Tiarna mo Dhia a labhraíonn - beidh na corpáin gan áireamh ann agus i ngach áit cuirfear an tost i bhfeidhm.
Fear a bheadh ag tóraíocht baoise agus bréag agus á rá go cealgach: “Geallaimse daoibh fíon agus flúirse dí” - sin é an sort duine a bheadh ina fháidh ag na daoine seo.
“Abair é seo le muintir uile na tíre agus leis na sagairt: ‘Nuair a dhéanadh sibh troscadh agus caoineadh sa chúigiú agus sa seachtú mí le seachtó bliain anuas, an ar mo shonsa a dhéanadh sibh é?
mar ní do Chríost ár dTiarna atá a leithéidí sin ag fónamh ach dá gcraos féin agus meallann siad croí na neamhurchóideach lena gcuid bladair agus plámáis.
Ghabhadar amach faoin tuath chun a bhfiniúna a chnuasach sna fíonghoirt; bhrúdar iad; rinneadar ceiliúradh agus chuadar isteach i dteach a ndé; d'itheadar, d'óladar agus chaitheadar mallacht le hAibímeilic.