Mairg dóibh, mar tá siad ar teitheadh uaim! Léirscrios orthu, óir d'éirigh siad amach i m'aghaidh! - Níorbh fhearr liom rud ná iad a fhuascailt, ach siúd ag bréagadóireacht iad i m'aghaidh!
Is mairg do chlann na ceannairce! - briathar an Tiarna é seo. Tá beart á chur i bhfeidhm acu nach liomsa é, ag snaidhmeadh páirtíochta nár shéid m'anáilse fúithi, ionas go bhfuil cion sa mhullach ar chion á charnadh acu.
Tá siad bailithe leo ag tarraingt ar an Éigipt, gan comhairle a iarraidh ó mo bhéal, ag lorg dídine faoi dhídean Fhorainn agus foscadh ar scáth na hÉigipte.
Mo léan iad siúd atá ag dul síos chun na hÉigipte ar lorg dídine, atá ag cur a muiníne i gcapaill, agus a ndóchas i líon na gcarbad agus i marcshlua neartmhar, ach nach bhfuil a súil le Neach Naofa Iosrael ar aon chor ná nár lorg comhairle an Tiarna.
Ná bíodh eagla ort, a Iacóib, a chnumhóigín, a fhrídín, a Iosrael. Táimse ag teacht i gcabhair ort - briathar an Tiarna - is é Neach Naofa Iosrael d'fhuascailteoir.
Anois, seo mar a deir an Tiarna, do Chruthaitheoirse, a Iacóib, agus fear do dhealfa, a Iosrael: “Ná bíodh eagla ort, óir tá tú fuascailte agam; ghlaoigh mé ort i d'ainm, agus is liomsa thú.
an Tiarna a thréigean agus a shéanadh agus imeacht ar shiúl ónár nDia, a bheith ag beartú ansmachta agus ceannairce, agus ag monabhar bréaga inár gcroí.
Is mar seo a deir an Tiarna i dtaobh an phobail seo: “Baineann siad an oiread sin sult as dul ar seachrán nach bhfuil smacht ar a gcosa acu!” Ach ní ghabhann an Tiarna chuige iad níos mó; cuimhníonn sé anois ar a gcionta agus agróidh sé a bpeacaí orthu.
Is ag ligean oraibh in bhur gcroí a bhí sibh nuair a chuir sibh mise chun an Tiarna bhur nDia, á rá: ‘Déan idirghuí ar ár son leis an Tiarna ár nDia; inis dúinn an uile ní a déarfaidh an Tiarna ár nDia, agus déanfaimidne é.’
‘Thugamar faoi leigheas na Bablóine; ach níor tháinig uirthi biseach. Ligigí di agus téanaimis, gach fear againn, dá thír féin.’ Sea, sroicheann a breithiúnas go neamh; ardaítear é chun na spéartha.
“Ach deir sibhse: ‘Ní cóir iad gníomhartha an Tiarna.’ Éistigí liom, a mhuintir Iosrael; nach cóir iad mo ghníomhartha? Nach iad bhur ngníomhartha féin atá míchóir?
Scaipeadh mo chaoirigh, chuaigh siad ar seachrán ar an uile shliabh agus ar an uile chnoc ard; scaipeadh mo chaoirigh ar fud an domhain gan aon duine lena lorg nó lena gcuardach.
Mar tá siad tar éis feall a dhéanamh ar an Tiarna agus clann bhastard a bhreith. Bíodh acu! Tá [creachadóir] ar tí iad féin agus a gcuid talún a scriosadh.
Cibé uair is mian liom Iosrael a leigheas, nochtar urchóid Eafráim agus olcas na Samáire. Óir is í an chaimiléireacht a chleachtann siad; bíonn an gadaí ag briseadh isteach sna tithe, agus ropairí ag tabhairt ruaigeanna creiche lasmuigh.
Bhuail eagla a gcraicinn an fhoireann ansin agus dúirt siad leis: “Céard é seo atá déanta agat?” Bhí a fhios acu, dar ndóigh, ón scéal a d'inis sé dóibh, go raibh sé ar a theitheadh ó láthair an Tiarna.
D'éirigh Ióna ach bhí sé meáite ar theitheadh go Tairsís ó láthair an Tiarna. Chuaigh sé síos go Iopa, mar sin, agus fuair sé long ann a bhí ar tí dul go Tairsís; d'íoc sé an táille agus chuaigh sé ar bord chun taisteal go Tairsís i gcuideachta na foirne ó láthair an Tiarna.
Óir is mise a thug suas as críocha na hÉigipte thú; mise a d'fhuascail thú as teach na daoirse. Chuir mé Maois os do chionn agus Árón agus Miriám in éineacht leis.
“A Iarúsailéim, a Iarúsailéim, tusa a mharaíonn na fáithe agus a chlochann iad seo a cuireadh chugat, cad é chomh minic is ab áil liom do chlann a bhailiú, ar nós mar a bhailíonn an chearc a hál faoina sciatháin, agus níorbh áil libh!
Ansin i bhfís dom chuala mé iolar ag glaoch go hard agus é ag eitilt in arda neimhe: “Mairg, mairg, mairg dá bhfuil ag áitreabh ar thalamh, de bharr ghlór na dtrumpaí eile atá le séideadh ag na trí haingil.”