“Cas ar do sháil agus abair le Hiziciá, prionsa mo phobail: ‘Seo mar a deir an Tiarna, Dia Dháiví do shinsear: Chuala mé do ghuí agus chonaic mé do dheora. Déanfaidh mé thú a leigheas; faoi cheann trí lá rachaidh tú suas go Teampall an Tiarna.
Beidh saol ag do chuid marbhánach arís, éireoidh a gcoirp as an nua; músclaígí, déanaigí gairdeas, sibhse uile atá sínte sa láib; óir is geal é mar dhrúcht do dhrúchtsa, agus tiocfaidh sliocht ar thír na scáth.
Beidh solas na gealaí ar aon dul le solas na gréine agus solas na gréine seacht n‑uaire níos gile fós, ar nós solas seacht lá le chéile, sa lá a gceanglóidh an Tiarna créacht a phobail agus a leigheasfaidh sé fearbacha a bhuillí.
Fuascloidh mé ó chumhacht Sheól iad; Sábhálfaidh mé iad ón mBás. Cá bhfuil do ghathanna, a Bháis? Cá bhfuil do chealg, a Sheól? Ceilfear uirthi áfach an trua atá agam di.
Tamall beag eile agus siúd é an saol agus gan radharc aige ormsa feasta; ach tá radharc agaibhse orm, óir táimse beo agus beidh sibhse beo chomh maith.
Má mhairimid beo is don Tiarna a mhairimid, agus más bás a fhaighimid is don Tiarna a fhaighimid bás chomh maith. Cibé acu beo nó marbh dúinn, mar sin, is leis an Tiarna sinn.