Go deimhin, tá Iarúsailéim ag dul in ainriocht, tá Iúdá ag titim i bhfothracha, óir, a gcaint agus a ngníomhartha i leith an Tiarna, is masla iad ar a ghlóir.
Lucht déanta íol iad go léir is neamhní iad agus níl aon sochar sna rudaí seo ar a bhfuil a ngnaoi. Níl radharc ná tuiscint ag a lucht freastail agus dá bharr sin beidh siad náirithe go deo.
Óir is líonmhar ár bpeacaí i do láthair, agus tá ár gcionta ag tabhairt fianaise inár n‑aghaidh. Mar is feasach sinn ar bpeacaí, agus is eol dúinn go maith ár gcoireanna:
Bíodh agus go bhfianaíonn ár n‑oilc inár n‑aghaidh, déan beart mar sin féin, a Thiarna, ar son d'ainm fein! Go deimhin is minic a bhíomar mídhílis, pheacaíomar i d'aghaidhse!
Tá d'olc féin do do smachtú, do shleamhnú thar n‑ais do do cheartú; bíodh a fhios go maith agat gur searbh agus gurb olc an mhaise duit an Tiarna do Dia a thréigean agus gan m'eagla a bheith ionat - is é Tiarna na Slua a labhraíonn.
Óir amhail leon a bheidh mise d'Eafráim, agus mar liopard do theaghlach Iúdá. Is mise, is ea, mise a stróicfidh sula a n‑imeoidh mé; ardóidh mé liom mo chreach agus ní sciobfar uaim í.
(Tá Iosrael tar éis a Chruthaitheoir a dhearmad agus páláis a thógáil. Thóg Iúdá a lán cathracha daingne chomh maith. Ach cuirfidh mise tine lena chathracha agus loiscfidh sí a pháláis.)
Dúirt sé leis: ‘Tabharfaidh mé breith do bhéil féin ort, a dhroch-sheirbhísigh! Bhí a fhios agat, an raibh, gur duine dian mé, ag glacadh chugam an rud nár chuir mé i dtaisce, agus ag baint an fhómhair nár chuir mé a shíol?