Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Hóisé 5:13

An Bíobla Naofa 1981

Nuair a bhraith Eafráim a tinneas agus Iúdá a chneá, d'imigh Eafráim chun na hAsaíre agus chuir Iúdá fios ar an [Ardrí]; ach ní féidir leis-sean sibhse a leigheas ná bhur gcneá a chneasú.

Féach an chaibidil Cóip

16 Tagairtí Cros  

rinne Púl rí na hAsaíre ionradh ar an tír; thug Manachaem míle tallann airgid do Phúl d'fhonn go gcabhródh sé leis ag neartú lena ghreim ar an údarás ríoga.

I réimeas Pheacach mac Ramailiá tháinig Tigleat Pileisir rí na hAsaíre agus ghabh sé Íón, Abael Béit Mácá, Iánóa, Ceidis, Hazór, Gileád agus an Ghailíl, agus críocha Naftáilí go léir, agus dhíbir sé an pobal go léir go dtí an Asaír.

Ansin sheol Áchaz teachtairí go Tigleat Pileisir rí na hAsaíre á rá: “Mise do shearbhónta agus do mhac. Tar agus fuascail mé ó rí Arám agus ó rí Iosrael atá ag cur catha orm.”

Tabharfaidh an fear eile mar fhreagra air, an lá sin: “Ní fear leighis mise, níl arán ná brat i mo theach; ná déanaigí taoiseach díomsa ar an teaghlach.”

Sea, is mar seo a deir an Tiarna: Tá do chneá doleigheasta, tá do lot gan cneasú.

“Mheirdrigh Oholá nuair ba liomsa í; shuirigh sí lena leannáin na hAsaírigh, a comharsana,

Tabharfar chun na hAsaíre é féin go cinnte, mar cháin [don Ardrí]. Náireofar Eafráim, bainfear lasadh as Iosrael, de dheasca na drochchomhairle a lean sé.

Tá Eafráim do mo thimpeallú le camastaíl, agus teaghlach Iosrael do mo sháinniú le cluanaireacht. (Ach gluaiseann Iúdá in éineacht le Dia fós agus fanann sí dílis don Té is Naofa.)

Bíodh riar bhur gcáis de bhriathra agaibh, agus filligí ar an Tiarna agus abraigí leis: Maith dúinn ár gcionta uile, le go bhfaighimid uait rud is fónta, i ndíol ar na briathra a chanaimid duit.

Óir rinne a máthair striapachas; an bhean a ghabh iad, náirigh sí í féin. “Rachaidh mé ar thóir mo leannán,” ar sise, “a thugann dom m'arán agus m'uisce, m'olann agus mo líon, m'ola agus mo chuid dí.”

Colm baoth gan chiall is ea Eafráim; bíonn siad ag glaoch ar an Éigipt, agus is ar an Asaír a bhíonn a dtriall.

Óir ghabh siad suas chun na hAsaíre. Maireann an onagair ina haonar léi féin, ach siúd Eafráim agus í ag fostú leannán!

Níl luibh ná leigheas in aghaidh [buille an Tiarna], óir d'aimsigh sé Iúdá agus bhain sé amach geata mo phobail agus tháinig sé fad le Iarúsailéim féin.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí